Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..
Map
Céard?
Cén áit?
Cathain?
Bliain na Gaeilge 2018

In 2018 beimid ag ceiliúradh 125 bliain d’athbheochan na Gaeilge trí chlár cuimsitheach gnímh ildánach agus ardú feasachta a eagrú a spreagfaidh rannpháirtiocht láidir ón bpobal agus a chuirfidh dul chun cinn na Gaeilge ar aghaidh sa dioscúrsa poiblí.

Spriocanna:

Tábhacht athbheochan na Gaeilge agus tionchar na hathbheochana sa phobal & ar imeachtaí stairiúil le 125 bliain anuas a cheiliúradh agus a chraobhscaoileadh

Féilire d’imeachtaí ildánach, ealaíonta agus pobail a eagrú ar fud an domhain in 2018 le cúpla eochairthionscadal a leanfaidh ar aghaidh i ndiaidh 2018

Beocht na teanga a cheiliúradh agus úsáid, dea-íomhá, feiceálacht agus normalú na Gaeilge sa phobal a mhéadú

Spreagadh agus aitheantas a thabhairt don obair idir lámha leis an nGaeilge a chur chun cinn

Spreagadh agus cosaint a thabhairt don Ghaeltacht

Go mbeidh an Bhliain aitheanta ag an Rialtas ó dheas mar imeacht oifigiúil agus mar phríomhimeacht d’Éire Ildánach 2017-22 agus ag an Rialtas ó thuaidh

Spriocphobail:

Déanfar freastal ar na spri- ocphobail seo a leanas le himeachtaí na Bliana:

  1. An pobal líofa sa Ghaeilge
  2. Muintir na Gaeltachta
  3. An pobal le cúpla focal
  4. Daoine sa phobal gan Gaeilge ach báúil
  5. An diaspóra.
Amlíne
  • Tús leis an athbheochan i gceart

    Ba ar 31 Iúil 1893, i mBaile Átha Cliath, a bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge. An aidhm a chuir an eagraíocht nua roimpi féin ná an Ghaeilge a láidriú trí labhairt agus úsáid na Gaeilge.

    Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh anois ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Tá idir abhcóideacht ar son chearta teanga fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge agus eile ar bun againn ó shin.

  • Oireachtas na Gaeilge eagraithe den chéad uair

    Tionóladh an chéad fhéile Oireachtais riamh Dé Luain, 17 Bealtaine 1897, i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ar siúl i Seomra Cruinn an Rotunda. Síolraíodh an rún áirithe seo a leanas: ‘That an Oireachtas, or public assembly, on behalf of the Irish language, be held annually by the Gaelic League, at which prizes would be offered for readings, recitations, songs and dramatic sketches in Irish’.

  • An Chéad Fhéile Raifteirí

    Tháinig uaisle na nGael le chéile ag uaigh Raifteirí i gCill Fhínín, Creachmhaoil, Co. na Gaillimhe ar mhaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar Raifteirí mar fhile. I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí, Dubhghlas De hÍde, Bantiarna Gregory, W.B. & Jack B. Yeats, Edward Martyn agus go leor eile.

  • Bunú Taispeántas Ealaíon an Oireachtais

    Bhí an taispeántas seo ar an gceann ba mhór le rá sa tír ar feadh na mblianta fada; tháinig borradh faoin scríbhneoireacht trí Ghaeilge mar gur léirigh an tOireachtas go m’ábhar measa í agus go raibh éileamh ag an bpobal uirthi; tugadh ardán nua do na healaíona traidisiúnta trí mheán na Gaeilge.

  • Bunú an Chumainn Ghaelaigh, Tríonóide

    Bunaíodh an Cumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1907. Aidhm an Chumainn sna laethanta sin ná staidéar a dhéanamh ar theanga, litríocht, seandálaíocht, ealaín agus geilleagar na hÉireann a chothú.

  • Deoraíocht foilsithe

    Foilsíodh 'Deoraíocht' le Pádraic Ó Conaire, úrscéal ceannródaíoch in athbheochan nua-litríocht na Gaeilge.

  • Oireachtas na Gaeilge i nGaillimh

    Eagraíodh Oireachtas na Gaeilge den chéad uair taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.

  • An Ghaeilge mar Phríomhtheanga ó dheas

    Nuair a cuireadh Bunreacht nua i bhfeidhm ag deireadh na bliana 1937, tugadh tús áite bunreachtúil don Ghaeilge den chéad uair riamh i stair na hÉireann. Is é stádas na Gaeilge i mBunreacht na hÉireann, “AIRTEAGAL 8:1. Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í,” bunchloch reachtúil na gceart teanga in Éireann.

  • Athbhunú an Oireachtais

    Athbhunaíodh an Oireachtais le struchtúr úr sa bhliain 1939.

  • Bunú Ógras - Ógeagras Gaeilge

    Bunaíodh Ógras i Samhain 1969 tar éis cinneadh glactha ag Conradh na Gaeilge go raibh gá le seirbhísí óige trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do aos-óg na tíre 12-18 bliana d'aois, théis taighde a bhí déanta cúpla bliain roimhe sin. Ansin, i 1988, bunaíodh Óg-Ógras do pháistí idir 8-13 bl. d’aois. Nasc le níos mó eolas faoi stair Ógras thíos.

  • Bunú Craobh Glór na nGael

    Cuireadh tús le Glór na nGael i gCeatharlach nuair a labhair An tAthair Tómas Ó Fiaich faoi chuspóirí agus aidhmeanna an chomórtais ag cruinniú poiblí a tionóladh san Ostán Ríoga ar 27ú Aibreán,1970. Bhí dhá chéad,idir óg agus fásta,i láthair

    Breis eolais faoi Ghlór Cheatharlach>>
  • Raidió na Gaeltachta ag craoladh den chéad uair

    De bharr feachtas láidir náisiúnta agus áitiúil a d’eascair as Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, tháinig Raidió na Gaeltachta ar an aer den chéad uair ag 3 i.n., Domhnach Cásca, 2 Aibreán 1972. Tá an stáisiún lonnaithe go príomha i gCasla, Conamara, agus is féidir éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar fud na cruinne.

  • Oireachtas na Gaeilge sa Ghaeltacht

    Eagraíodh Oireachtas na Gaeilge den chéad uair i nGaeltacht Chois Fharraige, an chéad uair sa Ghaeltacht.

  • Bunú Éigse Cheatharlach

    Saolaoidh Éigse Cheatharlach nó Éigse ’79 i Mí Aibreáin 1979. Bhí taispeántas ealaíne, cóisir fíona is cáise, céilí, siúlóid, léamh filíochta, ceolchoirm agus paráid thar deireadh seachtaine chun an phobail áitiula a spreagadh ar thaobh na Gaeilge.

  • Bunú Aisteoirí an Lóchrainn

    Bunaíodh grúpa drámaíochta lán Ghaeilge don chéad uair i 1993 ii gCeatharlach. Tá an grúpa ag dul ó neart go neart ó shin agus bhí céiliuradh 25 bliana ar an bhfód acu i mbilana.

  • An Chéad Fhéile an Fhómhair

    Is féile dhátheangach í Féile an Fhómhair a bhíonn á reáchtáil i lár Mhí Dheireadh Fómhair gach bliain. Bíonn meascán d’imeachtaí do gach aois grúpa ar clár na Féile idir drámaíocht, litríocht, ealaíon, ceol, scéalaíocht, cineama, coiméide agus siamsaíocht de gach saghas.

  • TG4 ar an aer den chéad uair

    I 1993, mar thoradh ar bhrú ón bpobal trí fheachtas fada a lean breis is 20 bliain, bheartaigh an Rialtas stáisiún teilifíse Gaeilge nua a bhunú. Lonnaíodh Teilifís na Gaeilge, mar a tugadh air ag an am, i mBaile na hAbhann Co. na Gaillimhe, agus thosaigh an tseirbhís craolacháin ar an 31 Samhain 1996.

  • 1ú 'Fleá na bPrátaí'

    Féile a tharlaíonn uair amháin sa bhliain. Séisiúin scéalaíochta, amhránaíochta, filíochta, damhsa is ceoil i rith na féile agus béim faoi leith ar phrátaí ar an mbiachlár.

  • Aitheantas don Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta

    Tugadh aitheantas don Ghaeilge ó thuaidh den chéad uair i gComhaontú Aoine an Chéasta in 1998. Ag éirí as an gComhaontú seo, cuireadh Foras na Gaeilge ar bun an bhliain dar gcionn.

  • Oireachtas na Bealtaine & na Samhna

    Rinneadh an fhéile a eagrú ina dhá chuid, Oireachtas na Bealtaine agus Oireachtas na Samhna.

  • An Chairt Eorpach ó thuaidh

    Tugadh stádas don Ghaeilge in 2001 faoin gCairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh.

  • Acht na dTeangacha Oifigiúla achtaithe in 2003

    Ar 14 Iúil 2003, shínigh an tUachtarán Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ó dheas. Ba é seo an chéad uair a cuireadh bunús reachtúil le soláthar sheirbhísí an státchórais go ginearálta trí mheán na Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag an reachtaíocht líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal a mhéadú agus a fheabhsú.

  • An Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontas Eorpaigh

    Ar 1 Eanáir 2007, tháinig stádas na Gaeilge mar theanga oibre de chuid an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm. Baineadh an stádas seo amach i ndiaidh feachtais láidir ón bpobal faoin mbrat ‘Stádas’.

    De bharr an stádais nua ag an teanga san Eoraip, tá níos mó úsáide á baint aisti i bParlaimint agus i gcodanna eile den Aontas Eorpach. Tá deiseanna fostaíochta ar fáil anois chomh maith do dhaoine le Gaeilge.

  • An tOireachtas mar Cheanneagraíocht

    Ceapadh An tOireachtas mar Cheanneagraíocht sa mhór-réimse "Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus Bunú Gréasán" sa bhliain 2014.

  • Bliain na Gaeilge in 2018

    In 2018 beimid ag ceiliúradh 125 bliain d’athbheochan na Gaeilge trí chlár cuimsitheach gnímh agus feasachta a eagrú sa phobal. Tá breis is 70 grúpa ag léiriú tacaíochta cheana féin. Déanfar ceiliúradh ar thábhacht athbheochan na Gaeilge agus tionchar na hathbheochana sa phobal & ar imeachtaí stairiúla le 125 bliain anuas.

+ -
X

Aimsigh imeachtaí

Brúigh ar uimhir nó biorán

Imeachtaí Bhliain na Gaeilge

Tuilleadh

5 rud simplí gur féidir a dhéanamh le Gaeilge a thabhairt isteach i do theach ANOIS!

1.  Úsáid frásaí simplí Gaelacha i rith an lae. Oíche Mhaith seachas goodnight, Go Raibh Maith Agat seachas thank you, Maith an Bhuachaill Maith an Cailín seachas good boy or girl, Slán seachas goodbye, srl.

2.  Léigh leabhar Gaeilge ag am codlata. Tá neart leabhair áille ann agus ní fhágfar ag lorg frasaí thú!


3.  Éist le raidió Gaelach cosúil le Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life nó Raidió Rí Rá agus breathnaigh ar TG4. Cabhróidh sé seo le sealbhú teanga agus foghraíocht.


4.  Cruthaigh lipéid simplí le crochadh timpeall an tí. Doras, Bosca Bruscar, Fuinneog, Staighre, Ríomhaire, Tolg, Cathaoir, Bord, srl – níl deireadh leis an liosta! Bain úsáid as www.focal.ie le teacht ar aistriúcháin.


5.  Déan machnamh faoi ghnás amháin i do lá a roghnú  (folcadh, bricfeásta, dinnéar, turais charr – pé atá is lú strus ag baint leis!), na frasaí nó foclóir a bhaineann leis a fhoghlaim agus ‘am Gaeilge’ a bheith agat gach lá.

                                    

Curtha le chéile ag Comhluadar.  Eagraíonn Glór na nGael raon leathan imeachtaí do theaghlaigh le Gaeilge.

 

 

 

 

Nuair a thógann tú páiste le Gaeilge, tá tú ag tabhairt buntáiste luachmhar dó/di a d’fhéadfadh cabhrú leis/léi:

1. Foghlaim conas léamh agus comhaireamh

2. Teangacha nua a fhoghlaim

3. Scileanna cumarsáide a fhorbairt

4. Post a fháil amach anseo

5. Cairde nua a dhéanamh

6. A bheith páirteach I nglúin nua cainteoirí Gaeilge

7. Féiniúlacht a threisiú

 Tús Maith

Tugann Tús Maith tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógail a gclanna le Gaeilge chomh maith leo siúd gur mian leo níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile. Bíonn Grúpaí Súgartha, Cuairteanna Baile agus Scléip an tSathairn againn chun tacú le tuismitheoirí.

 

 

 

 

 Tuismitheoirí na Gaeltachta

Is grúpa tuismitheoirí iad “Tuismitheoirí na Gaeltachta” a tháinig le chéile i 2011. Is eagraíocht dheonach í a thugann tacaíocht do theaghlaigh atá ag tógáil clann le Gaeilge sa Ghaeltacht.

Faigheann “Tuismitheoirí na Gaeltachta” maoiniú ón Roinn Ealaíon, Cultúr agus Gaeltachta agus ó Ealaín na Gaeltachta. Thosaigh an grúpa i nGaeltacht Chonamara agus tá an tseirbhís leathnaithe amach acu go dtí Gaeltacht Dhún na nGall. Cuireann siad imeachtaí agus ócáidí clainne ar siúl ar bhonn rialta sa Ghaeltacht.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirinagaeltachta@gmail.com

 

 

Tír Chonaill     Conamara

 An Clár Tacaíochta Teaghlaigh

Tá sé mar aidhm ag an gClár Tacaíochta Teaghlaigh de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an Ghaeilge a threisiú mar theanga theaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht i gcomhréir leis an Straitéis 20 Bliain. Faoin gClár seo, tá sé beartaithe ag an Roinn 12 beart ar leith a thógáil chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil le Gaeilge.

Tá pacáiste teanga ar fáil saor in aisce. Is ar theaghlaigh Ghaeltachta le páiste(í) réamhscoile –(ie 0-5 bliana d’aois) atá an pacáiste dírithe.

 

Tá an t-eolas seo curtha le chéile ag Comhluadar.  Is é Glór na nGael an ceanneagraíocht atá freagrach as Gaeilge sa Teaghlach. Tuilleadh eolais ag Marcas@glornangael.ie


Aithnítear go forleathan dlúthcheangal a bheith idir cumas duine chun teanga a labhairt agus líon na ndeiseanna a bhíonn aige chun an teanga sin a chloisteáil agus a labhairt. Ar an ábhar sin ba chóir gurbh í príomhaidhm tuismitheoirí, atá ag tógáil páiste le Gaeilge, gach deis a thabhairt dó Gaeilge a chloisteáil, agus Gaeilge a labhairt. Agus ar an ábhar go bhfuil teorainn leis na deiseanna a bhíonn ag páiste Gaeilge a chloisteáil agus a labhairt creideann Comhluadar gurb é an bealach is fearr chun clann a thógáil le Gaeilge ná Gaeilge a bheith á labhairt leis na páistí ag na tuismitheoirí an t-am ar fad. Is féidir cur leis seo trí:

  • Gaolta agus cairde a bhfuil Gaeilge acu a spreagadh le Gaeilge a labhairt leis na páistí.
  • Úsáid a bhaint, a oiread agus is féidir, as cláir raidió, cláir theilifíse, leabhair, físeáin, ceol srl. atá ar fáil i nGaeilge.
  • Cur ar chumas na bpáistí Gaeilge a úsáid agus a chloisteáil taobh amuigh den teaghlach, mar shampla trí fhreastal ar imeachtaí Gaeilge, trí chuairt a thabhairt ar an nGaeltacht srl.

Ní bhíonn na deiseanna céanna ag gach teaghlach. I gcásanna áirithe ní bhíonn Gaeilge ach ag tuismitheoir amháin, i gcásanna eile ní bhíonn ann ach tuismitheoir amháin, agus tá teaghlaigh ann nach mbíonn daoine le Gaeilge i gcaidreamh leo ach go hannamh. Mar sin is gá breathnú ar na roghanna éagsúla atá ar fáil agus ceann a roghnú a thugann an deis is fearr don pháiste s’agatsa Gaeilge a chloisteáil agus a labhairt.

Ar an ábhar gur mór an méid Béarla a chloisfidh an páiste agus a labhróidh sé de réir mar a fhásann sé, is inmholta an oiread Gaeilge agus is féidir a labhairt leis sna blianta tosaigh. Ón lá a thagann páiste ar an saol bíonn sé ag éisteacht le fuaimeanna agus ag sealbhú teanga. Is fiú do thuismitheoirí a chinntiú ón tús go mbíonn cláir Ghaeilge ar siúl ar an raidió agus ar an teilifís, téipeanna Gaeilge á seinm sa ghluaisteán agus thar gach rud eile Gaeilge á labhairt acu leis an bpáiste ón chéad lá.

Nuair is nós le duine teanga ar leith a labhairt le daoine áirithe, fiú le páistí, is deacair an nósmhaireacht sin a athrú. Dá bhrí sin is fusa nós labhartha na Gaeilge mar phríomhtheanga theaghlaigh a bhuanú má labhraítear Gaeilge leis an bpáiste ón tús. Chuige seo is fiú an cinneadh maidir le teanga labhartha an teaghlaigh a bheith déanta sula saolaítear an chéad pháiste más féidir, agus eolas a bheith ag na tuismitheoirí ar an bhfoclóir agus ar an téarmaíocht nua a bheidh ag teastáil nuair a bheidh páiste nua sa teach.

Factóirí eile...

  • Nuair a bhíonn Gaeilge ag an mbeirt thuismitheoirí...

    Má tá Gaeilge ag an mbeirt agaibh, is féidir a shocrú gurb í an Ghaeilge an teanga a labhróidh sibh leis an bpáiste an t­-am ar fad. Ar an bhealach seo tá sibh ag féachaint chuige go mbeidh bunús maith Gaeilge ag an bpáiste sula dtagann sé faoi thionchar an Bhéarla. Tá sé tábhachtach Gaeilge a bheith á labhairt eadraibh féin an t-­am ar fad freisin mar go mbeidh an páiste ag sealbhú na Gaeilge trí bheith ag éisteacht le daoine eile ag labhairt Gaeilge chomh maith le bheith ag éisteacht le daoine ag labhairt leis féin. Más tuismitheoirí sibh a chuir aithne ar a chéile trí Bhéarla agus más é an Béarla an gnáthmheán cumarsáide eadraibh go fóill seans go dtógfaidh sé tamall oraibh dul i dtaithí ar labhairt na Gaeilge. Ar an ábhar sin is fiú tréaniarracht a dhéanamh nós labhartha an Bhéarla a athrú go Gaeilge chomh luath agus a bheidh cinneadh déanta agaibh bhur gclann a thógáil le Gaeilge.

  • Nuair a bhíonn Gaeilge ag tuismitheoir agus Béarla ag an tuismitheoir eile...

    Is féidir páistí a thógáil le Gaeilge nuair nach mbíonn Gaeilge ag an mbeirt thuismitheoirí ach an straitéis cheart teanga a aimsiú. Deich faoin gcéad de na teaghlaigh atá cláraithe le Comhluadar, is teaghlaigh iad ina bhfuil Gaeilge ag tuismitheoir amháin agus Béarla nó teanga eile á labhairt ag an tuismitheoir eile leis na páistí. (Tá cúpla teaghlach ann inar shealbhaigh na páistí dhá theanga óna dtuismitheoirí agus an tríú teanga lasmuigh den teach).

    Is é an socrú is fearr go labhródh tuismitheoir le Gaeilge an teanga sin amháin leis an bpáiste. Is gá don tuismitheoir seo a bheith diongbháilte faoi agus cloí leis an nGaeilge an t-am ar fad. Chomh maith leis sin is gá dó/di oiread ama agus is féidir a chaitheamh ag caint agus ag spraoi leis an bpáiste agus ag léamh dó. Ná déan dearmad – dá mhéad Gaeilge dá gcloiseann an páiste is amhlaidh is fearr a bheidh sé ábalta í a shealbhú, a úsáid agus a ionramháil. 

    Tá sé tábhachtach freisin tacaíocht na beirte tuismitheoirí a bheith leis an gcinneadh na páistí a thógáil le Gaeilge. Tá sé riachtanach an tuismitheoir atá gan Ghaeilge a bheith ar a shuaimhneas leis an gcinneadh agus sásta tacú leis. D’fhéadfadh sé tacaíocht a thabhairt trí bheith dearfach faoin Ghaeilge i gcónaí, trí fhreastal ar imeachtaí Gaeilge leis na páistí, breathnú ar chláir theilifíse Gaeilge leo, agus iad a spreagadh chun Gaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir leo. B’fhiú go mór, dá mb’fhéidir, don tuismitheoir atá ar bheagán Gaeilge freastal ar rang Gaeilge agus iarracht a dhéanamh í a fhoghlaim i dteannta an pháiste. D’fhéadfadh sé a dhóthain Ghaeilge a fhoghlaim chun an chaint idir an tuismitheoir eile agus an páiste a thuiscint agus comhráite simplí a bheith aige leis an bpáiste. Dá mb’fhéidir, b’inmholta é beagán Gaeilge a bheith in úsáid idir na tuismitheoirí ag amanna rialta nuair a bhíonn an páiste i láthair. D’fheadfaí nós a thosú mar shampla gan ach Gaeilge a labhairt ag am dinnéir.

  • Nuair a bhíonn Gaeilge ag páiste faoi chúram feighlí gan Ghaeilge...

    Nuair is gá an páiste a fhágáil faoi chúram feighlí ba chóir tréaniarracht a dhéanamh feighlí linbh le Gaeilge a fháil agus a mhíniú dó/di gur mhian leat go labhródh sé/sí Gaeilge leis an bpáiste i gcónaí. Faoi láthair, áfach, tá sé an­deacair teacht ar fheighlithe linbh le Gaeilge agus chuile sheans go mbeidh ort dul i muinín feighlí linbh nó naíolainne gan Ghaeilge. Sa chás seo b’fhiú a chur in iúl don fheighlí, nó do stiúrthóir na naíolainne, gurb í an Ghaeilge teanga bhaile an pháiste agus iarraidh air/uirthi an oiread Gaeilge agus is féidir a úsáid i rith an lae. D’fhéadfá, mar shampla, físeáin, nó caiséid Ghaeilge a fhágáil ag an bhfeighlí le seinm don pháiste nó leabhair Ghaeilge le léamh dó. Cuir ina luí ar an bhfeighlí gur cheart iarrachtaí an pháiste chun Gaeilge a labhairt a mholadh seachas iad a cháineadh nó magadh a dhéanamh fúthu.

    Mura mbíonn páiste i dtimpeallacht Ghaeilge i rith an lae ní mór iarracht bhreise a dhéanamh chun an oiread Gaeilge agus is féidir a labhairt leis nuair a bhíonn sé sa bhaile. Féach chuige go mbíonn ar a laghad uair a chloig ann chun súgradh leis an bpáiste, scéal a insint dó nó gníomhaíocht éigin a dhéanamh i bpáirt leis. Agus tú féin i mbun obair an tí, nó ag déanamh rud éigin i bpáirt leis an bpáiste, bí ag caint leis.

 

 

Altram

Is eagraíocht tacaíochta reigiúnda é Altram do thionscadail oideachais luathbhlianta lán-Ghaeilge.
Bunaíodh sa bhliain 1990 é ag naíscoileanna i nDoire, i mBéal Feirste, in Ard Mhacha agus san Iúir.
Cuireadh Altram ar bun chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail oideachais luathbhlianta
lán-Ghaeilge, caighdeán an tsoláthair oideachais san earnáil a fheabhsú, agus béim a chur ar
thábhacht  an tsoláthair sin trí mheán na Gaeilge.


An Clár Tacaíochta Teaghlaigh

Tá sé mar aidhm ag an gClár Tacaíochta Teaghlaigh de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta
agus Gaeltachta an Ghaeilge a threisiú mar theanga theaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht i
gcomhréir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Faoin gClár seo, tá sé beartaithe
ag an Roinn 12 beart ar leith a thógáil chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann
le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil le Gaeilge

 

JAMIE

Tá sraith d’acmhainní físeáin forbartha ag Institiúid Oideachais Marino (IOM) chun tacú le daltaí atá ag staidéar dá scrúduithe Gaeilge Ardteistiméireachta.
Tá 15 fhíseán spéisiúla sa tionscnamh a dtugtar JAMIE air (acrainm Béarla a sheasann do Jump-start aMarino Institute of Education).
Tá gach físeán dírithe ar ghnéithe éagsúla de scrúdú Ardleibhéil Gaeilge na hArdteistiméireachta.

 

 


svxGq3r1

Gael Linn

Bunaíodh Gael Linn i 1953 ar mhaithe le fiontair úra a chur chun cinn chun leasa na Gaeilge.
Cuimsíonn gníomhchlár Gael Linn trí   phríomhréimse; an réimse oideachais, gníomhaíochtaí
chun tacú le húsáid na Gaeilge agus réimse gnó na heagraíochta.

  

gaelscoileanna-twitter

Gaeloideachas

Is eagraíocht é Gaelscoileanna Teo a thacaíonn leis an nGaeloideachas – réamhscolaíocht,
bunscolaíocht agus meánscolaíocht  lasmuigh den Ghaeltacht.


gnag

Glór na nGael

Bunaíodh Glór na nGael sa bhliain 1961 mar uirlis  forbartha teanga tríd chomórtas idir grúpaí
pobail. Tá freagracht ar leith ag Glór na nGael I dtrí réimse oibre, forbairt na Gaeilge sa
teaghlach; forbairt na Gaeilge i measc grúpaí pobail agus forbairt na Gaeilge i measc grúpaí
fiontraíochta agus gnó.

 

Tuismitheoirí na Gaeltachta

Is grúpa tuismitheoirí iad “Tuismitheoirí na Gaeltachta” a tháinig le chéile i 2011.
Is eagraíocht dheonach í a thugann tacaíocht do theaghlaigh atá ag tógáil clann le
Gaeilge sa Ghaeltacht.

Tá siad ar fáil ar Facebook (Tír ChonaillConamara) nó ag tuismitheoirinagaeltachta@gmail.com

 

 

Comhairle don Churaclam, Scrúduithe agus Measúnú

Cuirtear eolas ar fáil maidir leis na háiseanna éagsúla a bhaineann leis an nGaeloideachas agus gach réimse den oideachas ó chúrsaí teanga go hábhair idirgníomhacha ar nós drámaíocht na Gaeilge agus cluichí oideachais.

Tús Maith

Tugann Tús Maith tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógail a gclanna le Gaeilge chomh maith leo
siúd gur mian leo níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile. Bíonn Grúpaí Súgartha,Cuairteanna Baile
agus Scléip an tSathairn againn chun tacú le tuismitheoirí.