Lárphointe eolais don Ghaeilge: Nuacht, imeachtaí agus níos mó. . .
Information hub for the Irish language : News, events & more..
AIMSIGH IMEACHT
Céard?
Cén áit?
Cathain?
Bliain na Gaeilge 2018

I rith Bhliain na Gaeilge 2018 déanfar ceiliúradh ar an teanga trí ghníomhú ar chúig théama faoi leith: Athbheochan na Gaeilge le 125 bliain anuas; Cruthaíocht na Gaeilge; Beocht na Teanga; Rannpháirtíocht an Phobail; agus Luach ár nGaeltachtaí.

Spriocanna:

Déanfar tábhacht athbheochan na Gaeilge agus tionchar na hathbheochana sa phobal agus ar imeachtaí stairiúla le 125 bliain anuas a cheiliúradh agus a chraobhscaoileadh.

Tá féilire d’imeachtaí ildánacha, ealaíonta agus pobail ar fud an domhain in 2018 eagraithe, agus a chuirfear léi i rith na bliana, agus tá cúpla eochairthionscadal a leanfaidh ar aghaidh i ndiaidh 2018.

Déanfar beocht na teanga a cheiliúradh agus méadófar úsáid, dea-íomhá, feiceálacht, sealbh roinnte agus normalú na Gaeilge sa phobal.

Spreagfar rannpháirtiocht láidir ón bpobal agus tabharfar aitheantas don obair atá idir lámha leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Aithneofar luach ár nGaeltachtaí i saol na tíre, spreagfar próifíl agus mórtas a bpobail, agus tabharfar faoi na dúshláin atá rompu sa lá atá inniu ann, le hiad a chosaint agus a neartú.

Spriocphobail:

Déanfar freastal ar na spri- ocphobail seo a leanas le himeachtaí na Bliana:

  1. Pobal líofa sa Ghaeilge
  2. Pobal na Gaeltachta
  3. Pobal an chúpla focal nó báúil
  4. Pobal an diaspora
Amlíne
  • Tús leis an athbheochan i gceart

    Ba ar 31 Iúil 1893, i mBaile Átha Cliath, a bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge. An aidhm a chuir an eagraíocht nua roimpi féin ná an Ghaeilge a láidriú trí labhairt agus úsáid na Gaeilge.

    Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh anois ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Tá idir abhcóideacht ar son chearta teanga fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge agus eile ar bun againn ó shin.

  • Oireachtas na Gaeilge eagraithe den chéad uair

    Tionóladh an chéad fhéile Oireachtais riamh Dé Luain, 17 Bealtaine 1897, i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ar siúl i Seomra Cruinn an Rotunda. Síolraíodh an rún áirithe seo a leanas: ‘That an Oireachtas, or public assembly, on behalf of the Irish language, be held annually by the Gaelic League, at which prizes would be offered for readings, recitations, songs and dramatic sketches in Irish’.

  • An Chéad Fhéile Raifteirí

    Tháinig uaisle na nGael le chéile ag uaigh Raifteirí i gCill Fhínín, Creachmhaoil, Co. na Gaillimhe ar mhaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar Raifteirí mar fhile. I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí, Dubhghlas De hÍde, Bantiarna Gregory, W.B. & Jack B. Yeats, Edward Martyn agus go leor eile.

  • Bunú Taispeántas Ealaíon an Oireachtais

    Bhí an taispeántas seo ar an gceann ba mhór le rá sa tír ar feadh na mblianta fada; tháinig borradh faoin scríbhneoireacht trí Ghaeilge mar gur léirigh an tOireachtas go m’ábhar measa í agus go raibh éileamh ag an bpobal uirthi; tugadh ardán nua do na healaíona traidisiúnta trí mheán na Gaeilge.

  • Deoraíocht foilsithe

    Foilsíodh 'Deoraíocht' le Pádraic Ó Conaire, úrscéal ceannródaíoch in athbheochan nua-litríocht na Gaeilge.

  • An Ghaeilge mar Phríomhtheanga ó dheas

    Nuair a cuireadh Bunreacht nua i bhfeidhm ag deireadh na bliana 1937, tugadh tús áite bunreachtúil don Ghaeilge den chéad uair riamh i stair na hÉireann. Is é stádas na Gaeilge i mBunreacht na hÉireann, “AIRTEAGAL 8:1. Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í,” bunchloch reachtúil na gceart teanga in Éireann.

  • Bunú Ógras - Ógeagras Gaeilge

    Bunaíodh Ógras i Samhain 1969 tar éis cinneadh glactha ag Conradh na Gaeilge go raibh gá le seirbhísí óige trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do aos-óg na tíre 12-18 bliana d'aois, théis taighde a bhí déanta cúpla bliain roimhe sin. Ansin, i 1988, bunaíodh Óg-Ógras do pháistí idir 8-13 bl. d’aois. Nasc le níos mó eolas faoi stair Ógras thíos.

  • Raidió na Gaeltachta ag craoladh den chéad uair

    De bharr feachtas láidir náisiúnta agus áitiúil a d’eascair as Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, tháinig Raidió na Gaeltachta ar an aer den chéad uair ag 3 i.n., Domhnach Cásca, 2 Aibreán 1972. Tá an stáisiún lonnaithe go príomha i gCasla, Conamara, agus is féidir éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar fud na cruinne.

  • Tosaíonn Raidió na Life ag craoladh - stáisiún Gaeilge do Bhaile Átha Cliath

    Ag aithint go raibh riachtanais ar leith ag cainteoirí Gaeilge taobh amuigh den nGaeltacht, cuireadh tús le feachtas le stáisiún Gaeilge neamhspleách a bhunú san ardchathair ag deireadh na 1980í. Bunaíodh Raidió na Life mar thoradh ar an bhfeachtas sin. Rinne an stáisiún nua craoladh trialach ó Oireachtas na Samhna i 1991 agus tar éis cúpla craoladh sealadach eile, tháinig an stáisiún ar aer go lánaimseartha ar 25 Meán Fómhair 1993. Ceann de na polasaithe a bhí ag Raidió na Life ón gcéad lá ná go gcraolfaí amhráin le liricí Béarla, rud nár ceadaíodh ar Raidió na Gaeltachta. Chraol an stáisiún ar mhinicíocht 102.2FM sna luathbhlianta agus i 1999 bhog sé go 106.4FM ar an diail. Feidhmíonn an stáisiún ar bhonn deonach don chuid is mó.

  • TG4 ar an aer den chéad uair

    I 1993, mar thoradh ar bhrú ón bpobal trí fheachtas fada a lean breis is 20 bliain, bheartaigh an Rialtas stáisiún teilifíse Gaeilge nua a bhunú. Lonnaíodh Teilifís na Gaeilge, mar a tugadh air ag an am, i mBaile na hAbhann Co. na Gaillimhe, agus thosaigh an tseirbhís craolacháin ar an 31 Samhain 1996.

  • Aitheantas don Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta

    Tugadh aitheantas don Ghaeilge ó thuaidh den chéad uair i gComhaontú Aoine an Chéasta in 1998. Ag éirí as an gComhaontú seo, cuireadh Foras na Gaeilge ar bun an bhliain dar gcionn.

  • An Chairt Eorpach ó thuaidh

    Tugadh stádas don Ghaeilge in 2001 faoin gCairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh.

  • Acht na dTeangacha Oifigiúla achtaithe in 2003

    Ar 14 Iúil 2003, shínigh an tUachtarán Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ó dheas. Ba é seo an chéad uair a cuireadh bunús reachtúil le soláthar sheirbhísí an státchórais go ginearálta trí mheán na Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag an reachtaíocht líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal a mhéadú agus a fheabhsú.

  • An Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontas Eorpaigh

    Ar 1 Eanáir 2007, tháinig stádas na Gaeilge mar theanga oibre de chuid an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm. Baineadh an stádas seo amach i ndiaidh feachtais láidir ón bpobal faoin mbrat ‘Stádas’.

    De bharr an stádais nua ag an teanga san Eoraip, tá níos mó úsáide á baint aisti i bParlaimint agus i gcodanna eile den Aontas Eorpach. Tá deiseanna fostaíochta ar fáil anois chomh maith do dhaoine le Gaeilge.

  • An tOireachtas mar Cheanneagraíocht

    Ceapadh An tOireachtas mar Cheanneagraíocht sa mhór-réimse "Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus Bunú Gréasán" sa bhliain 2014.

  • Bliain na Gaeilge in 2018

    In 2018 beimid ag ceiliúradh 125 bliain d’athbheochan na Gaeilge trí chlár cuimsitheach gnímh agus feasachta a eagrú sa phobal. Tá breis is 70 grúpa ag léiriú tacaíochta cheana féin. Déanfar ceiliúradh ar thábhacht athbheochan na Gaeilge agus tionchar na hathbheochana sa phobal & ar imeachtaí stairiúla le 125 bliain anuas.

+ -
X

Nuacht Bhliain na Gaeilge

Tuilleadh

Imeachtaí Bhliain na Gaeilge

Tuilleadh

Aidhm na Bliana:
Ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge in 2018 agus 125 bliain d’athbheochan na Gaeilge trí chlár
cuimsitheach gnímh cruthaíochta agus feasachta a eagrú a spreagfaidh rannpháirtíocht láidir ón
bpobal agus a chuirfidh dul chun cinn na Gaeilge sa dioscúrsa poiblí.
Spriocanna:

  •  Tábhacht athbheochan na Gaeilge agus tionchar na hathbheochana sa phobal agus ar
    imeachtaí stairiúil le 125 bliain anuas a cheiliúradh agus a chraobhscaoileadh
  • Féilire d’imeachtaí ildánach, ealaíonta agus pobail a eagrú ar fud an domhain in 2018 le
    cúpla eochairthionscadal a leanfaidh ar aghaidh i ndiaidh 2018
  • Beocht na teanga a cheiliúradh agus úsáid, dea-íomhá, feiceálacht agus normalú na Gaeilge
    sa phobal a mhéadú
  • Spreagadh agus aitheantas a thabhairt don obair idir lámha leis an nGaeilge a chur chun cinn
  • Spreagadh agus cosaint a thabhairt don Ghaeltacht
    Aitheantas oifigiúil:
  • Go mbeidh an Bhliain aitheanta ag an Rialtas ó dheas mar imeacht oifigiúil agus mar
    phríomhimeacht d’Éire Ildánach 2017-22 1
  • Go mbeidh an Bhliain aitheanta ag an Rialtas ó thuaidh mar imeacht oifigiúíl
    Spriocphobail:
    Déanfar freastal ar na spriocphobail seo a leanas le himeachtaí na Bliana 2 :
    1. An pobal líofa sa Ghaeilge
    2. Muintir na Gaeltachta
    3. An pobal le cúpla focal
    4. Daoine sa phobal gan Gaeilge ach báúil
    5. An diaspóra
    Haischlib:
    #125Gaeilge


  • Grúpaí Bhliain na Gaeilge

    Liosta na ngrúpaí páirteach i nGrúpa Oibre Bhliain na Gaeilge go dtí seo

    Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
    An Clár as Gaeilge Teo.
    An Coimisiúin le Rincí Gaelacha
    An Foras Pátrúnachta
    An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
    Aontas na Mac Léinn in Éirinn
    Aontas na Mac Léinn Iarbhunscoile
    BBC
    Buan-Chomhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta
    Cairde Teo.
    Cairde Uí Néill
    Coiste Dúiche Mhaigh Eo, Conradh na Gaeilge
    Coiste Forbartha Charn Tóchair
    Bord na Gaeilge, An Coláiste Ollscoile, BÁC
    Comhairle na Gaelscolaíochta
    Comhaltas Ceoltóirí Éireann
    Comhaltas Uladh
    Conradh na Gaeilge
    Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtar
    Conradh na Gaeilge, Craobh an Aonaigh
    Cumann Gaelach Leath Chathail
    Cumann Lúthchleas Gael
    Cumann na bhFiann
    Feachtas
    Foras na Gaeilge
    Gael Linn
    Gael-Taca
    Gaelfhorbairt na Gaillimhe
    Gaeloideachas
    Gaillimh le Gaeilge
    Glór Cheatharlach
    Glór na Móna
    Glór na nGael
    Gnó Mhaigh Eo
    Ionad Uíbh Eachach
    Líofa
    Líofa
    Muineachán le Gaeilge
    Muintir Chrónáin Teo.
    Na Gaeil Óga
    Ógras
    Oideas Gael
    Oifig an Choimisinéara Teanga
    Oireachtas na Gaeilge
    PEIG
    Pobal ar an Iúl, Conradh na Gaeilge
    Raidió Fáilte
    Raidió na Life
    Raidió Rí-Rá
    Raidió na dTreabh
    Rith
    RTÉ
    RTÉ Raidió na Gaeltachta
    Seachtain na Gaeilge
    TG4
    Údarás na Gaeltachta

  •  

    Beidh gach eolas maidir le Bliain na Gaeilge ar fáil ina iomlán ó 31 Deireadh Fómhair 2017